Saturday, 24 October 2015

Leaving Certificate: 2013 prós ainmhithe: Oisín i dtír na nóg

Maidir leis an scéal béaloidis Oisín i dTír na nÓg, déan plé gairid ar do rogha dhá cheann
de na ceannteidil seo a leanas:

(i) An pháirt a ghlacann Niamh Chinn Óir sa scéal.
(ii) Cruachás Oisín ón uair a d’fhág sé Tír na nÓg.
(iii) An tréith bhéaloidis is mó a thaitníonn leat sa scéal. (Tabhair dhá fháth le do fhreagra.)

 (30 marc) 

(i)

Is bean óg álainn í Niamh.Deirtear linn sa scéal gurb í an bhean is áille dá bhfaca na Fianna riamh í. Tá gruaig fhada fhionn uirthi, súile gorma aici agus í gléasta go gleoite.
Glacann Niamh Chinn Óir páirt láirneach sa scéal mar meallan sí Oisín go dtí tír na nóg. Tá tréithe osnádúrtha ag baint léi freisin mar cuireann sí Oisín faoi gheasa draíochta. Tá sí dúnta i ngrá le hOisín agus ba mhaith léi a tír dhraíochtach a roinnt leis.

Páirt eile atá ag Niamh Chinn Óir sa scéal ná tugann sí saol iontach d'Oisín.
''Is í an Tír is aoibhne faoin ghrian''
 tá imní agus brón uirthi nuair a deir sé léi gur mhaith leis filleadh ar Éireann. Ligeann sí dó imeacht, áfách, ach tugann sí trí rabhadh dó, gan teacht anuas den Chapall. Léiríonn sé seo a grá láidir agus a cneastacht dá fear céile.

(ii)

 Nuair a thagann Oisín ar ais ó tír na nóg, níl sé sásta nach bhfuil tásc ná tuairisc ar na Fianna agus ní theastaíonn uaidh a bheith beo ina ndiadh. Is fear maoithneach é, mar sin. Tá grá laidir aige dá athair agus do na Fianna agus tá an- bhrón air iad a fhágáil. Tá sé i ngrá go mór le Niamh agus tá sé i gcruachás mar thoradh. Má théann sé thar n-ais go dtí Tír na nóg, beidh na Fianna ann ach má fhanann sé le Niamh beidh sé lena ghrá. Is cinneadh deacair é agus mar sin tá Oisín i gcruchás.

(iii)

Tréith amháin Béaloideas a thaithin liom sa scéal ná an Áibhéil. Is léir go bhfuil áibhéil le feicáil sa scéal seo. Téann capall thar farraige sa scéal agus is léir gur áibhéil atá  anseo mar níl sé féideartha. Sampla eile don áibhéil atá ann sa scéal ná deireann siad gur chaith Oisín leac mhór ón talamh. Is léir go bhfuil áibhéil sa sampla seo freisin mar níl sé féideartha. Níl fear amháin in ann leac mhór a chaitheamh ón talamh.

Tréith eile Béaloideas a thaithin liom sa scéal ná na huimhreacha trí agus seacht. Is tréith láidir sa bhéaloideas é an tréith seo. Tá triúr páiste ag Niamh agus Oisín agus mar sin feicfimid an uimhir trí. Lig na Fianna trí scairt bhrónacha astu agus mar sin feicfimid an uimhir trí arís. Chaith Oisín an leac seacht bpéirse as a háit agus feicfimid an uimhir seacht anseo.

''Rug ar an leac ina lámh. Le neart agus lúth a ghéag chuir sé seacht bpéirse as a háit í''

Friday, 23 October 2015

Sraith pictúir a haon: Bua sa chomórtas Raidió (2016)

Bua sa Chomórtas Raidió
Pictúir a haon

  • I bpictúir a haon is léir go bhfuil Séan ag léamh leabhar
  • Éisteann sé leis an Raidió
  • Cloiseann sé go bhfuil comórtas ar siúl
  • Faigheann an buaitheoir ticéidí i gcomhar ceolcoirm le U2
  • Deireann siad go gcaithfidh tú teacs a sheoladh chun na ticéidí a bhua.
Pictúir a dó

  • Faigheann Séan a fón Póca.
  • Seolann sé téacs chuig an Raidió
  • Is léir go raibh an freagra ceart aige
  • Fannann Séan ar a shuaimhneas go dtí is go bhfuil sé ag fanacht i gcomhair an fhógra
  • Is maith an scéalaí an aimsir, cad a tharlófá
Pictúir a trí

  • Éisteann sé leis an Raidió go cruinn.
  • Fograíonn siad go bhfuil Séan an buaiteoir
  • Guíonn siad comhghairdeas dó
  • Beidh Séan ag fáil na ticéidí
  • Tá sé ar mhuin na muice
Pictúir a ceathar

  • Faigheann Séan a fhón Póca
  • Seolann sé téacs chuig a gcairde
  • Insíonn sé an dea-nuacht leo
  • Tugann sé cuireadh dóibh chun teacht go dtí an cheolcoirm
  • Tá ríméad an domhan ar a gcairde
  • Beidh oíche den scoth againn
Pictúir a cúig

  • Téann siad go dtí an cheolcoirm
  • Is léir go bhfuil an áit dubh le daoine
  • Canann an beirt acu agus bíonn siad ag damhsa
  • Is amhlaidh go bhfuil atmaisféar leictreach san áit
Pictúir a sé

  • Tá Séan agus Máire ag cómhrá faoin Oíche
  • Deireann siad go bhfuil an t-amhrán nua tharr barr.
  • Is léir go raibh siad sásta leis na suíocháin
  • Deireann Máire 'go raibh maith agat' do Shéan
  • Is amhlaidh go raibh ard Oíche acu