Rinne mé staidéar ar an Triail le Maireád Ní Ghráda. Is dráma
tragóideach é an dráma seo agus aontaím leis an ráiteas go bhfuil baint ag
máthair Mháire agus a deartháireacha cuid mhór lena fulaingt.
Oíche amháin chuaigh Máire go dtí an damhsa áitiúil i halla na scoile.
Níor thug a máthair cead di dul go dtí damhsa riamh (Her mother never gave
her permission to go to a dance) ach bhí sé sa scoil an t-am seo agus mar sin thug a máthair cead di
dul. Chuaigh Máire go dtí an damhsa lena deartháir ach bhí sé gnóthach le
cailín ag an damhsa agus mar sin ní raibh sé ag tabhairt aire ceart de Mháire.
(He wasn’t looking after Máire properly) Is
cailín soineanta í mháire agus thit sí i ngrá le Pádraig mar bhí bua na cainte
aige agus tar éis tamaill bhí sí ag iompar clainne.
Nuair a fhaigheann Máthair Mháire amach go bhfuil sí ag iompar clainne
ní mó ná sásta atá sí. Is duine sean-fhaiseanta í Máthair Mháire agus tá
tuairmí na gcomharsan níos tábhachtaí di ná aon rud eile. Cuireann Máthair
Mháire brú uirthi Pádraig a phósadh. Deireann sí go mbeadh sí náireach os
comhair an pharóiste muna bhfuil sí pósta. Tá sé soiléir nach bhfuil puinn
daonnachta aici mar tugann sí bata agus bóthar go dtí Máire agus ní thugann sí
aon chabhair di. Sin é an rud a rinne gach duine fiche bliain ó shin agus is
rud scanallach é. Bhí ar na cailíní dul go dtí teach tearmainn (mother and child home) cosúil le Máire agus ní bhfuair
siad aon mheas nuair a bhí siad ann. Cuir Máthair Mháire leis an bhfulaingt a
bhraith Máire. (Máire’s mother added to the suffering
that Máire felt). Ní raibh Máire in ann brath ar a Máthair (Máire couldn’t rely on her mother) agus bhí saol
deacair aici mar thoradh.
Chaith deartháireacha Máire go dona í freisin. Ceapann an teaghlach go
léir go bhfuil sí ina ‘striapach’. Ba mhaith le Seán a bheith ina shagart ach
ní féidir leis a bheith ina shagart le deirfiúr ‘mar sin’. Ní chuireann éinne
an milleán (blame) ar Phádraig ach cuireann siad
an milleán go léir ar Mháire cé go ndúirt Pádraig bréige di. Deartháir eile atá
ag Máire ná Liam. Chuaigh Máire go dtí an damhsa le Liam ach níor thug sé aire
ceart di ag an damhsa. Níor ghlac Liam trua (pity)
ar bith do Mháire nuair a fuair sé amach go raibh sí ag iompar clainne. Cuir
deartháireacha Máire leis an bhfulaingt a bhraith sí mar níor thug siad aon
tacaíocht (support) di agus ní raibh siad dílis
(loyal) di in aon chor.
Léiríonn an leabhar seo an saol diúltach (negative
life) a bhí ann anseo in Éirinn sna seascaidí. Peaca a bhí I gceist
nuair a bhí tú ag iompar clainne agus chuir gach teaghlach na hiníon a bhí ag
iompar clainne i dteach tearmainn. Tharla na rudaí seo mar thoradh don Eaglais
chaitliceach (catholic church). Bhí rialacha
daingean docht i bhfeidhm ach bhí siad ró-dhian.
Mar fhocail scoir (as a final word)
aontaím leis an ráiteas go bhfuil baint ag Máthair Mháire agus a Dearthaireacha
chuid mhór lena fulaingt.
No comments:
Post a Comment