Saturday, 28 May 2016

An Triail sample answer (2013)

Rinne mé staidéar ar an drama ‘an triail’ le Máireád Ní Ghráda. Aontaím leis an ráiteas go bhfuil baint mhór ag Pádraig i saol Máire.

Is é Pádraig údar gach oilc (Pádraig is the cause of all evil) i saol Máire. Is duine slim sleamhain é gan puinn scrupaill. Is breagadóir é agus duine a dhéanfadh aon rud lena mhianta féin a shásamh. Buailimid leis ar dtús ag an rince i detach na scoile. Meallann sé Máire mar tá bua na cainte aige. Tuigeann sé go maith go bhfuil sí óg agus saonta. Deir sé go bhfuil bean chéile aige ach go bhfuil galar gan leigheas aici (disease without cure). An rud is measa ná iarann sé uirthi gan an caidreamh a insint d’éinne agus chun é a choimeád faoi rún (not to say anything about the relationship and keep it a secret). Déanann sé díshaothrú (exploits) de Mháire. Déanann Pádraig pósadh bréige(false marriage) agus cuireann sé fáinne ar a méar (He puts a ring on her finger). Cuireann sé ina leith uirthi gurb ise a bhean chéile. Is léir go raibh tionchar ag Pádraig ar Mháire. Nuair a fhaigheann Máire amach go bhfuil sí ag iompar clainne, tréigeann Pádraig í (Pádraig leaves her). Níl Pádraig sásta glacadh le freagracht as a bhfuil déanta aige. (Pádraig doesn’t want any responsibility).

Milleann Pádraig saol Máire (Pádraig ruins Máire’s life) agus  Nuair a fhaigheann Máthair Mháire amach go bhfuil sí ag iompar clainne ní mó ná sásta atá sí. Is duine sean-fhaiseanta í Máthair Mháire agus tá tuairmí na gcomharsan níos tábhachtaí di ná aon rud eile. Cuireann Máthair Mháire brú uirthi Pádraig a phósadh. Deir sí go mbeadh sí náireach os comhair an pharóiste muna bhfuil sí pósta. Tá sé soiléir nach bhfuil puinn daonnachta aici mar tugann sí bata agus bóthar go dtí Máire agus ní thugann sí aon chabhair di. Sin é an rud a rinne gach duine fiche bliain ó shin agus is rud scanallach é. Bhí ar na cailíní dul go dtí teach tearmainn (mother and child home) cosúil le Máire agus ní bhfuair siad aon mheas nuair a bhí siad ann. Chuir Máthair Mháire leis an tragóid a bhí ag Máire. (Máire’s mother added to the tragedy that Máire had). Ní raibh Máire in ann brath ar a Máthair (Máire couldn’t rely on her mother) agus bhí saol deacair aici mar thoradh. Chuir sí a lámh ina bás féin ag deireadh an scéil agus is léir go raibh baint ag a máthair leis an tragóid seo mar níor thug a máthair tacaíocht (support) di riamh.

Fanann rian an údaráis (Mark of authority) ar Mháire go dtí lá a báis. Éiríonn le Pádraig a bhealach a dhéanamh isteach ina hintinn( Pádraig finds a way to get into her head) agus greim daingean docht a fháil uirthi. Níl sí sásta a rá le héinne cé hé athair an linbh. Tá smacht iomlán aige ar a saol. Is léir freisin go bhfuil Máire fós i ngrá leis. Buailimd arís le Pádraig ag deireadh an scéil. Ag an bpointe seo tá a chéad bhean chéile marbh (dead) agus tá sé pósta arís le bean eile. Buaileann sé le Máire sa teach tearmainn agus insíonn sí dó go bhfuil iníon acu ach níl suim dá laghad ag Pádraig sa leanbh agus deireann sé go bhfuil Máire ina ‘striapach’. Dá bhrí sin cuireann Máire lámh ina bás féin agus maraíonn sí an leanbh. Is léir go raibh tionchar ag Pádraig i saol Mháire agus is scéal brónach é.


Mar fhocail scoil rinne mé cur síos ar Phádraig agus an tionchar a bhí aige i saol Mháire.

No comments:

Post a Comment