Nuair a chonaic mé teideal na haiste seo chuir mé greim láidir ar mo
pheann. Tá go leor rudaí atá tábhachtach i mo shaol ach ba mhaith liom na rudaí
is tábhachtaí a bhreacadh síos san aiste seo.
Ar an gcéad dul síos is é an rud is tábhachtaí i mo shaol ná mo
theaghlach. Mar a deireann siad ‘níl aon tínteán mar do thínteán féin’. Beidh mé caillte gan mo theaghlach. Réitím
an-mhaith le mo theaghlach go léir. Má tá aon fhabhb agam tá mo theaghlach ann chun
cabhrú liom agus is deas an rud é seo. Is é an teaghlach an bonn (foundation) do gach rud i mo thuairim. D’fhoghlaim mé
gach rud ó mo theaghlach agus táim buíoch as na rudaí a d’fhoghlaim mé.
D’fhoghlaim mé béasaí (manners) ó mo
thuismitheoirí agus sin é ceann dos na rudaí is tábhachtaí a d’fhoghlaim mé mar
ní fhaigheann éinne aon rud gan béasaí. Soláthraíonn (to
supply) an teaghlach suíomh sábháilte (safe
environment) duit agus tugann an teaghlach cothú (nourture) duit. Is cabhair mhór é má tá teaghlach
maith agat agus sin an fáth go bhfuil siad ceann dos na rudaí is tábhachtaí i
mo shaol.
Anuas ar sin tá mo cairde an-thábhachtach. Bhí na cuimhne is fearr agam
nuair a bhí mé I measc mo chairde. Ceapaim féin go bhfuil sé tábhachtach cairde
maith a bheith agat. Má tá duine ag teastáil uait chun caint faoi rud éigin tá
do chairde an-thábhachtach. Rud iontach ná tá mo chairde is fearr i mo scoil
féin agus ní féidir le gach duine a rá go bhfuil siad i gcomhluadar a gcairde
is fearr gach lá! Tá an t-ádh dearg liom. Beidh mé caillte gan mo chairde agus
tá siad ar cheann dos na rudaí is tábhachtaí i mo shaol.
Rud eile atá an-thábhachtach i mo shaol ná na torthaí a fhaighim ar
scoil. Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach torthaí maithe a fháil ar scoil chun
post maith a fháil. Ba mhaith liom gnó a dhéanamh san Ollscoil agus mar sin tá
torthaí aird ag teastail uaim. Tá brú mór orainn mar daltaí mar thoradh de rás
na bpointí (race for points). Bím ag déanamh
obair na gcapall gach oíche chun torthaí aird a fháil. Caithfidh tú pointí aird
a fháil chun post maith a fháil. Sa lá atá inniu ann ní féidir leat fiú post i
McDonalds a fháil muna bhfuil céim agat ón gColláiste.
Rud eile atá tábhachtach i mo shaol ná Spórt. Imrím sacair leis an gclub
áitiúil agus is sos deas é an treanáil ón staidéar. Is iontach an rud é a
bheith ar fhoireann spóirt. Tá sé éasca cairde nua a dhéanamh nuair atá tú ar
fhoireann agus tá saol sóisialta iontach agat mar eagraíonn an club eachtraí
an-mhinic. Tá Spórt tábhachtach I mo shaol mar táim in ann racht a ligean (I’m able to blow off some steam) ar an bpáirc peile.
Rud eile atá tábhachtach I mo shaol ná ceol. Is duine ceolmhar mé agus
bím ag éisteacht le ceol gach lá. Éistim le ceol chun mo scíth a ligint (to relax). Is féidir linn léimt isteach (jump in) go dtí
saol iasachta (foreign life) le ceol. Is féidir
linn na mothúcáin go léir a bhraith sna liricí (We feel
emotions through the lyrics) agus tá amhrán oiriúnach ar fáil de gach
scéal a gcaithimd dul i ngleic leis. (Theres always a
suitable song for every situation that we have to face). Is é an grúpa ceoil is fearr liom ná
‘Coldplay’. Is banna ceoil iontach é ‘Colplay’ agus is aoibhinn liom na
hamhráin atá acu. Is féidir le buachaill nó cailín dul i ngleic leis na
hamhráin seo. Beidh mé caillte gan an ceol agus is rud tábhachtach é i mo
shaol.
Mar fhocal scoir is iad na rudaí is tábhachtaí i mo shaol ná mo
theaghlach, mo chairde, mo thorthaí, Spórt agus ceol.
No comments:
Post a Comment