Nuair a chonaic mé teideal na
haiste seo chuir mé greim láidir ar mo pheann. Is téama é seo ina bhfuil go
leor taithí bailithe agam. Ní aontaím leis an ráiteas thuas. Níl sé iontach a
bheith óg i mo thuairim. Ba mhaith liom an t-ábhar seo a phlé san aiste seo.
Ar an gcéad dul síos ní rud iontach é a bheith óg mar níl pingin rua
agat! (Its not a great thing to be young because you
don’t have a penny!) Faoi láithir tá sé dodhéanta (impossible) post a fháil mar thoradh don cúlú
eacnamaíochta. Tá sé an-dheacair post a
fháil nuair atá tú óg mar níl go leor scileanna agat agus tá tú i gcomórtas le
daoine ón Ollscoil.(One is in competition with people
from university) Tá sé níos fearr nuair atá tú níos sine mar is féidir
leat taithneamh a bhaint as an saol nuair atá airgead agat.
Anuas ar sin caithfidh tú dul ar scoil gach lá. Tá a lán brú ar dhaltaí
chun nótaí aird a fháil sna scrúdaithe. Tá tallann ag daoine i rudaí difriúla
agus uaireanta ní fhreastalaíonn an scoil ar gach aon tallann atá le
feiceáil sa scoil. (People have talent in many things and sometimes the school
doesn’t always cater for every talent) Bhí bua an spóirt agamsa (I was gifted in sport) nuair a bhí mé ar scoil ach
níl tú in ann coirpoideachas a dhéanamh mar ábhar scoile agus ceapaim féin nach
bhfuil sé sin cothrom. Is áit uafásach í an scoil nuair atá tú óg. Is minic a
chloistear scéalta faoi daoine a bhí ag fulaingt mar thoradh don bhulaíocht.
Uaireanta níl rialacha daingean docht i bhfeidhm (Sometimes
strict rules are not put in place) sa scoil agus mar sin tarlaíonn
bulaíocht lá i ndiadh lae. Ba chóir go mbeadh an scoil áit deas agus ba chóir
go mbeadh daltaí compórdach ina scoil féin gan a bheith buartha faoin
mbulaíocht. Is í
sin fáth eile nach bhfuil saol iontach ag daoine óga.
Tá saol leadránach i gceist nuair atá tú i do dhéagóir. Ní féidir leat
dul amach go dtí club oíche nó ní féidir leat dul isteach go dtí tigh tábhairne
mar tá tú ró-óg. Ní eagraíonn daoine i mo cheantar eachtraí i gcomhair na
déagóirí agus mar sin tagann leadrán ar a lán daoine atá m’aois féin. Téann
daoine ag ól go mídhleathach mar níl aon rud le déanamh ina gceantar féin acu
nó baineann siad trial as drugaí agus milleann siad a saol. Ceapaim féin nach
bhfuil saol iontach ag daoine óga mar an chuid is mó don am bíonn sé
leadránach.
Rud eile atá i measc na déagóirí ná an brú atá againn le híomhá an
duine. Leis na hirisí go léir atá againn tá brú orainn a bheith tánaí agus chun
éadaí faiseanta a chaitheamh. Sin an fáth go bhfuil go leor déagóirí ag
fulaingt ó anoireicse agus na galair sin. Tá brú ar dhaoine óga éadaí le lipéad
a chaitheamh agus tá sé deacair na headaí seo a cheannach nuair nach bhfuil a
lán airgid agat. Sin
é fáth eile nach bhfuil saol iontach ag daoine oga.
Glacann an chuid is mó dos na déagóirí páirt i spórt. Is iontach an rud
é a bheith páirteach i bhfoireann mar buaileann tú le daoine nua ach muna
bhfuil suim agat sa spórt níl go leor deiseanna agat chun cairde nua a dhéanamh
agus saol sóisialta a bheith agat. Bhí an t-ádh dearg liom mar bhí bua an spóirt agam ach tá trua
agam dos na daoine nach bhfuil ró-mhaith
ag an spórt mar caileann siad amach sna heachtraí a eagraíonn na clubanna spóirt.
Muna bhfuil rud cosúil le spórt agat bíonn sé deacair cairde nua a dhéanamh. Sin fáth eile nach bhfuil
saol iontach ag daoine óga.
Mar
fhocail scoir (as a final word) ní aontaím leis
an ráiteas agus ceapaim nach bhfuil sé iontach a bheith óg mar níl pingin rua
againn, tá saol na scoile an-dheacair,
tá saol leadránach againn, tá brú orainn chun a bheith tanaí agus níl go leor
le déanamh inár gceantar.
No comments:
Post a Comment