Tuesday, 15 December 2015

sraith pictúir a seacht déag 2016: samhradh iontach

Pictúir a haon:

  • I bpictúir a haon buaileann máire agus áine le chéile.
  • Buaileann siad taobh amuigh den séipéal agus bíonn siad ag caint gan stad gan staonadh.
  • Is léir go bhfuil siad ag caint faoin samhraidh agus na pleannanna atá déanta acu.
  • Deireann siad go mbeadh samhradh den scoth acu.
  • Baineann sé le dealraimh go bhfuil an ghrian ag lonrú go hard sa spéir
Pictúir a dó:

  • Is léir go bhfuil fonn ag na cailíní a bheith ag obair.
  • Líonann siad amch foirm iarrtais.
  • Téann siad i gcomhair agallimh san óstán áitúil.
  • Is léir go bhfuil imprisean maith déanta acu ar an mbainisteoir
  • Faigheann siad an poist agus tá ríméad orthu.
Pictúir a trí:

  • Tar éis a bheith ag obair i gcomhair dhá mhí tá go leor airgid acu.
  • Beartaíonn siad chun dul ar laethanta saoire
  • Téann siad go dtí an Róimh.
  • Feiceann siad ar na suíomhanna is fearr ann
  • Deireann siad gur cathair ghleoite í an Róimh
Pictúir a ceathair:

  • Imríonn na cailíní leis an foireann peile áitúil
  • Baineann sé le dealraimh go ndearna siad obair na gcapaill
  • Faigheann siad an bua sa chraobh agus tá siad ar mire séin.
  • Téann siad go dtí an phictúrlann chun a scíth a ligint.
  • Feiceann siad scannán grinn agus baineann siad taitneamh as.
Pictúir a cúig:

  • Is léir nach gcaitheann na cailíní a gcuid ama amú
  • Tosaíonn siad ag obair le naomh uinseann de pól
  • Tugann siad cabhair go dtí na daoine bochta
  • Tugann siad éadaí agus bia dóibh
  • Gabhann na daoine bochta a mbuíochas dóibh.
Pictúir a sé:

  • I bpictúir a sé is léir go bhfuil dreas cainte ar siúl ag máire agus Áine
  • Pléann siad an samhradh ar fad agus na rudaí a ndearna siad.
  • Deireann siad go ndearna siad a lán rudaí
  • Deireann siad freisin go raibh sé an samhradh is fearr a bhí acu riamh
  • Ba mhaith leo é a dhéanamh arís an bhliain seo chugainn

sraith pictúir a sé déag 2016: tine sa teach

Pictúir a haon:

  • Mí Eanáir atá ann.
  •  freastailíonn Sailí ar dhioscó i lár na cathrach. 
  • Chríochnaíonn an dioscó ag mean oíche.
  •  siúileann Sailí abhaile.
  •  Is léir go bhfuil brat sneachta ar an talamh agus tá sí préachta leis an bhfuacht.
  •  Nuair a sroicheann sí an teach, lasann sí an tine agus níorbh fhada go raibh sí te teolaí
Pictúir a dó:

  • .Is amhlaidh go bhfuil Sailí tuirseach, traochta, tnáite
  •  Baineann sé ;e dealraimh go bhfuil ocras an domhain uirthi.
  •  Beartaíonn sí roinnt sceallóga a dhéanamh.
  •  Cuireann sí ola ag téamh ar an gcócaireán
  • Níl go leor taithí aici leis an gcóicearacht áfach
Pictúir a trí:

  • .Síneaann Sailí siar agus níorbh fhada go raibh sí ina cnap codlata.
  •  Is léir go bhfuil dearmad glan déanta aici ar na sceallóga. 
  • I bpreabadh na súl, tá an sáspan ola imithe trí thine.
  • Is cinnte go bhfuil sí beag bean faoin gcóicearacht
  • Is eachtra dainséarach é seo/
Pictúir a ceathair:

  • Dúisíonn an deatach tuismitheoirí Shailí.
  •  Baintear geit uafásach astu. 
  • Baineann sé le dealraimh go bhfuil an seomra chomh dubh le pic.
  •  Cuireann an t-athair fios ar na seirbhísí éigeandála láithreach bonn.
  •  Dúisíonn a máthair Sailí
Pictúir a cúig:

  • Tagann an bhriogáid dóiteáin ar an bpointe.
  •  éiríonn leo an tine a mhúchadh. 
  • Ligeann tuistí Shailí osna faoisimh. 
  • Tógtar Sailí chuig an otharcarr ar shínteán.
  •  Deirtear leo go mbeadh sí ceart go leor
Pictúir a sé:

  • An mhaidin dár gcionn, Baineann sé le dealraimh go bhfuil damáiste na tine le feiceáil.
  •  Is léir go bhfuil an teach ina phraiseach.
  •  Tuig eann na tuismitheoirí go raibh an t-ádh dearg leo a gcosa a thabhairt leo ón tine. 
  • Is amhlaidh go bhfuil Sailí ag teacht chuici féin san ospidéal
  • . Moltar di é a thógáil go bog ar feadh cúpla lá.

Thursday, 10 December 2015

sraith pictúir a cúig déag: cóisir gan chéad

Pictúir a haon:

  • Imíonn tuismitheoirí Liam agus Léan ar bhriseadh deireadh seachtaine.
  •  Deirenn siad le Liam agus Léan a n-obair bhaile a dhéanamh, a bheith cúramach agus an teach a choinneáil glan. 
  • Deireann siad go mbeadh siad sa bhaile ar an Domhnach ag a leathuair tar éis a trí.
  •  Is léir go bhfuil na tuismitheoirí ag súil go mór leis an turas.
  • Ní raibh laethanta saoire acu ar feadh tamaillín.
Pictúir a dó:

  •  Comh luaithe is atá a dtuismitheoirí glanta leo síos an bóthar caitheann siad a gcuid leabhar in aer.
  •  Ritheann siad go dtí a ngutháin ar luas lasrach 
  •  cuireann siad glaoch ar a gcairde. 
  • Deireann siad leo go bhfuil teach saor acu agus go mbeadh cóisir acu an oíche sin ag a hocht. 
  • Is léir go bhfuil sceitimíní orthu. 
  • Bheadh bia, ceol, spórt agus spraoi acu. 
Pictúir a trí:

  •  Scaipeann siad an scéal ar nós na gaoithe.
  •  Tá an saol agus a mháthair ag an gcóisir an oíche sin. 
  • Is léir go bhfuil bia, ceol agus craic acu. 
  • Is amhlaidh go bhfuil siad ar fad ar mhuin na muice. 
  • Bhí oíche go maidin acu.
  •  Ag an am céanna itheann na tuismitheoirí  béile san óstán agus gan cliú dá laghad acu faoin méid atá ag tarlú sa mbaile.
  •  “Nuair a bhíonn an cat amuigh bíonn an luch ag rince,” mar a deir an seanfhocal.
Pictúir a ceathar:

  •  An lá dár gcionn éiríonn Liam agus Léan ag a haon a chlog. 
  • Is léir go bhfuil an teach ina chíor thuathail.
  •  Ní raibh aon fhonn ar Liam dul ag glanadh mar bhí tinneas cinn aige.
  •  Aontaíonn siad go nglanfadh siad an teach níos déanaí.
  •  Cuireann siad an obair ar an méar fhada. 
Pictúir a cúig:

  • Is léir go bhfuil fadhbanna eile san óstán. 
  • Is amhlaidh go bhfuil an t-uisce briste agus tá an leictreachas gearrtha.
  •  Tugtar trí rogha dos na haíonna: fanacht in óstán eile, a gcuid airgead a fháil ar ais nó dhá oíche saor in aisce a fháil uair éigin eile. 
  • Deireann tuismitheoirí Liam agus Léan gur mhaith leo teacht ar ais uair éigin eile. 
  • Ba mhaith leo teacht abhaile mar braitheann siad Liam agus Léan go mór
Pictúir a sé;

  • Ba dhóbair gur titeann an t-anam as Liam agus Léan nuair a fheiceann siad a dtuismitheoirí ag teacht isteach an doras chucu ag a cúig a chlog.
  •  Baintear geit as na tuismitheoirí nuair a fheiceann siad go bhfuil an teach ina phraiseach.
  •  Ní chreideann an t-athair go bhféadfadh siad a leithéid do rud a dhéanamh.
  •  Tugtar íde na muc agus na madraí do Liam agus Léan
  • Is léir go bhfuil siad in uisce fiuchta

sraith pictúir a ceathair déag 2016: buntáistí móra na hidirbhliana

Pictúir a haon:

  • Ag tús na scoilbhliana labhair an príomhoide leis na daltaí faoi bhuntáistí na hidirbhliana.
  •  Luann sí na scileanna a thiocfadh feabhas orthu i rith na bliana, 
  • scileanna ar nós comhoibriú, féinmheas agus obair ghrúpa.
  •  Is amhlaidh go bhfuil an seomra chomh ciúin le reilig.
  •  Is léir go bhfuil gach mac máthar ag tnúth go mór leis an idirbhliain.
Pictúir a dó;

  • I ndeireadh mhí na Samhna tugann siad turas ar ionad eachtraíochta ar feadh deireadh seachtaine.
  •  Déanann siad go leor imeachtaí éagsúla cosúil le rámhaíocht, dreapadóireacht, cadhcáil agus boghdóireacht. 
  • Is léir go raibh deireadh seachtaine den chéad scoth acu.
  •  Is amhlaidh go raibh siad tuirseach, traochta, tnáite ag a dheireadh.
  • Is fiú é chun an idirbhliain a dhéanamh.
Pictúir a trí:

  • Léirigh siad ceoldráma i mí Feabhra.
  •  Déanann siad obair na gcapall roimh ré.
  •  “Cleachtadh a dhéanann máistreacht,” a deireann an múinteoir leo.
  •  Is léir go bhfuil an halla dubh le daoine gach oíche.
  •  Ar an oíche dheireanach, deireann siad nach ndéanfaidís dearmad go deo ar an gcúpla lá sin. 
Pictúir a ceathair:

  • Is léir go raibh go leor aoichainteoirí acu i rith na bliana.
  •  I mí na Márta tugtar cur i láthair dóibh faoi shábháilteacht ar an mbóthar.
  •  Labhair an fear faoi na cúiseanna atá le timpistí bóthair.
  •  Cuireann cuid de na pictiúirí alltacht ar na scoláirí 
  • Aontaíonn siad ar fad gur cur i láthair fiúntach a bhí ann.
Pictúir a cúig:

  • I mí Bealtaine tugann siad cuairt ar Dháil Éireann.
  •  Is léir go bhfuil an áit lán go béal le daoine mar bhí ábhar tábhachtach á phlé an lá sin. 
  • Tugann Enda Kenny óráid den chéad scoth uaidh. 
  • Déanann sé tagairt do scoláirí ná hidirbhliana a bhí ar cuairt. 
  • Is amhlaidh go bhfuil sceitimíní ar na scoláirí
Pictúir a sé:

  •  Is léir go raibh an turas scoile thar lear buaicphointe na bliana,
  •  áfach. Is amhlaidh go raibh siad ag tnúth leis an turas ó thús na bliana. 
  • Baineann siad an-taitneamh as an turas,
  • Baineann siad taithneamh as an gcuairt ar an Nou Camp.
  • Deireann siad go raibh sé an rud is fearr.
  •  Ní raibh pingin rua acu ag teacht abhaile. 
  • Ag deireadh na scoilbhliana, cuireann siad a dtuairimí ar phár. 
  • Measann siad go raibh an idirbhliain tairbheach, spreagúil agus fiúntach. 

sraith pictúir a trí déag 2016: seó Faisin sa scoil

Pictúir a haon:

  • Is léir go bhfuil scoláirí na séú bliana suite ar a sáimhín só sa seomra caidrimh.
  • Tagann an Mháistreás Ní Shé chun cainte leo.
  • Tugann sí le fios dóibh go raibh easpa airgid sa scoil. 
  • Fiafraíonn sí díobh an raibh smaointe acu chun airgead a bhailiú. 
  • Measann scoláire amháin gur cheart dóibh crannchur a bheith acu. 
  • Molann scoláire eile go gcuirfidís ceolchoirm ar stáitse.
Pictúir a dó:

  • Déanann an Mháistreás machnamh ar na smaointe a bhí acu
  • Tagann sí ar ais chucu níos déanaí an lá céanna.
  • Molann sí na smaointe iontacha a bhí acu.
  •  Beartaíonn sí go ndéanfaidís seó faisin.
  •  Pléann siad na rudaí ar fad atá le heagrú.
  •  Tá ionad le haimsiú agus éadaí le fáil ar iasacht.
Pictúir a trí:

  • Crochtar fógraí ar fud na scoile. 
  • Tharraingíodar go leor airde.
  •  Deireann an fógra go mbeadh an seó ar siúl i halla na scoile.
  •  Tugann sé an t-am, dáta agus an táille chomh maith. 
  • Ceapaim go raibh gach mac máthar ag iarraidh a bheith ina mainicíní.
Pictúir a ceathair:

  • Téann na scoláirí go dtí na siopaí éadaí ar fud an bhaile.
  •  Caitheann siad éadaí a thabhairt ar iasacht i gcomhair na hócáide. 
  • Is léir go raibh úinéirí na siopaí an-chabhrach agus flaithiúil.
  •  Tugann na siopaí Scoth na bhFaisean agus Teach Faisin go leor éadaí ar iasacht.
  •  Deireann na scoláirí go dtabharfaidís togha na haire do na héadaí.
Pictúir a cúig:

  • Faoi dheireadh tagann oíche na cinniúna.
  •  Is léir go bhfuil an saol agus a mháthair bailithe isteach sa halla.
  •  Tagann crith cos agus lámh ar na mainicíní. 
  • Éiríonn siad go han-mhaith leo, 
  • áfach. Reáchtáltar crannchur ag am sosa.
  •  íocann siad  €5 ar na ticéid.
Pictúir a sé:

  • Ag deireadh na hoíche tagann an príomhoide amach ar an ardán chun buíochas a ghlacadh le gach duine a thug tacaíocht don ócáid.
  •  Gabhann sí buíochas speisialta leis an séú bliain.
  •  Is léir gur ndearna siad obair na gcapall ag eagrú na hócáide.
  •  Bailítear an t-uafás airgid.
  •  Tá an t-airgead le caitheamh ar áiseanna nua don scoil.

sraith pictúir a dó dhéag 2016 : Timpiste

Pictúir a haon:

  • Is léir go bhfuil an oíche go hainnis agus tá sé ag stealladh báistí.
  • Is amhlaidh go bhfuil scáth fearthainne ag roinnt ar an tsráid
  • Tá an chuma orthu go bhfuil siad fliuch go smior
  • Tiománann an carr ar luas lasrach
  • Is léir go bhfuil an bóthar fliuch báite agus sleamhanach
Pictúir a dó:

  • Tiománann Séan agus Máire sa charr
  • Is léir go bhfuil clab go cluasa ag an mbeirt acu
  • Is cosúil nach bhfuil crois sábhála ar an bhfear
  • Bíonn sé ag caint ar an fón póca agus ní tugann sé aird ar bith ar an mbóthar
  • Is léir go bhfuil sé beag beann faoi rialacha an bhóthair.
Pictúir a trí:

  • I bpreabadh na súl buaileann siad Colm.
  •  Is léir go bhfuil an fear bocht ag iarraidh gabháil trasna an bhóthair ag trasrian coisithe. 
  • Deireann sé go raibh an carr ag gluaiseacht ansciobtha go deo 
  • Deireann Colm gur tháinig sé aniar aduaidh air. 
  • Ba bheag nár thit an t-anam as Micheál agus Bríd.
Pictúir a ceathair:

  • Is léir go bhfuil Colm sínte ar fhleasc a dhroma gan aithne gan urlabhra.
  •  Tagann Micheál agus Bríd amach as an gcarr láithreach. 
  • Is amhlaidh go bhfuil creathadh bainte astu tar éis na timpiste.
  •  Glaoann duine éigin ar na seirbhísí éigeandála
  • Is léir go bhfuil an aimsir uafásach
Pictúir a cúig:

  • Tagann an t-otharcharr gan mhoill. 
  • Is amhlaidh go bhfuil speabhraídí (daze) fós ar Cholm.
  •  Cuirtear isteach san otharcharr é.
  •  Is léir go bhfuil sé fós ag stealladh báistí.
  •  Ceistíonn an Garda Micheál agus Bríd faoin eachtra.
Pictúir a sé:

  • Téann an lánún chuig stáisiún na nGardaí. 
  • Cuireann an Garda faoi agallamh iad. 
  • Tá cuma an-bhuartha ar Mhicheál agus Bríd.
  •  Smaoiníonn Micheál  go ndearna sé botún nuair a bhí sé ar an bhfón agus ag tiomáint ag an am céanna. 
  • Airíonn Micheál bocht an-chiontach.

Friday, 4 December 2015

nótaí ar an gnáthrud

An Gnáthrud
·         Bhí Jimmy ag ól lena chairde I mBéal Feirste. Bhí Jimmy ag ól pionta agus ag smaoineamh ar cúrsaí sa bhaile.
·         Bheadh a bhean chéile, Sarah, ag iarraidh na páistí a chur a chodladh. Ní bheadh an páiste ba shine, John róshásta léi ach ba ag Sarah a bheadh an bua.
·         Ní raibh dúil mhór aige san ól I ndáiríre. Bhí dúil níos mó aige sa chomhluadar. Ba í Sarah a ghríosaigh é chun dul agus bualadh lena chairde gach seachtain. Níor mhaith léi go mbeadh sé ag rá go mbeadh sé le rá acu gurbh í ba chúis le Jimmy fanacht sa bhaile.
·         Bhí a fhios ag Jimmy go raibh am aige do dheoch eile sula rachadh sé abhaile. Bhí sé I gceist aige dul go dtí an Jasmine Palace le haghaidh curaí dó féin agus chop suey do Sarah ar a bhealach abhaile.
·         Nuair a chuaigh Jimmy chuig an mbéar bhí scata meisceoirí ina suí ar stólta ann. D’aithin sé iad.
·         Níor thuig sé conas nach raibh fonn orthu dul abhaile. Smaoinigh sé ansin go raibh an t-ádh air féin go raibh bean agus clan aige.
·         Bhí Jimmy ag tnúth le hoíche Shathairn nuair a bheadh seans aige féin agus Sarah suí I dteannta a chéile agus féachaint ar scannán agus iad ag ól fíona.
·         Thug Jimmy na deochanna ar ais go dtí an bord ina raibh a  chairde ina suí. Ansin críochnaigh sé a deoch agus chuaigh sé ar aghaidh go dtí an ‘Jasmine Palace’.
·         Bhí scata déagóirí sa bhialann shíneach agus bhí siad ar meisce. Ní raibh mórán airgid acu.
·         Tháinig duine de na déagóirí chuige ag lorg airgid uaidh chun an bia a cheannach.
·         D’fhéach Jimmy go géar ar na déagóirí. Bhí drochchaint gharbh, ghraosta a húsáid acu, rud nár thaitin le Jimmy in aon chor.
·         Bhí Jimmy fós ag smaoineamh faoin mbaile agus os rud é go raibh sé ag machnamh go domhain mar seo, níor chuala sé an carr ag teacht ina threo. Ní fhaca sé an déagóir ag scaoileadh urchair leis, a bhain leath an chloiginn de agus a d’fhág fuar marbh.
Téama:
·         Foréigean: Is I mbéal feirste atá an scéal seo suite I rith thréimhse na dTrioblóidí. Tá a fhios ag maidí na sráide gur maraíodh go leor daoine mánla (gentle), neamhurchóideacha sna Trioblóidí I dtuaisceart na hÉireann agus tá an téama seo le feiceáil go mór anseo.
·         Saol an ghnáth-theaghlach: Feicimid an gnáthshaol atá ag an teaghlach seo, na nósanna a chleachtann siad agus an grá láidir dá chéile.
Na Carachtair:
·         Jimmy:
-          Fear óg ó Bhéal Feirste é Jimmy. Tá sé pósta le Sarah agus tá triúir clainne acu- John atá ceithre bliana d’aois agus an cúpla. Elizabeth agus Margaret, atá sé mhí d’aois. Is léir go bhfuil Jimmy an-sona lena theaghlach agus go bhfuil grá mór aige dá bhean chéile agus dá pháistí.
-          Tá sé ag obair sa tionscal tógála agus tá nós aige bualadh lena chairde ón obair sa teach tábhairne gach tráthnóna Dé hAoine tar éis na hoibre. Baineann sé taitneamh as an gcraic agus as an gcuideachta. Ní ólann sé mórán.
-          Braitheann sé ciontach sa teach táibhairne áfach toisc nach bhfuil sé sa bhaile ag cabhrú le Sarah agus ag caitheamh ama lena pháistí. Léiríonn sé seo an grá mór atá aige dóibh agus a dhílseacht dóibh, fiú amháin agus I gcuideachta a chairde.
-          Is fear ionraic, díograiseach é. Tacaíonn sé lena chara san obair nuair nach bhfuil an saoiste sásta le hobair a charad. Chaith sé beagnach bliain ag obair ar a theach ina chuid ama shaoir chun baile a dhéanamh de.
-          Tá sé buíoch as an saol aoibhinn atá aige anois agus ba mhaith leis an méid sin a rá le Sarah ach faraor géar, ní éiríonn leis.
-          Is léir gur fear teaghlaigh lách, síochánta é Jimmy agus nach bhfuil aon bhaint aige le cursaí polaitíochta. Is íobartach soineanta (innocent victim) é dá chinniúint uafásach (terrible fate) I ndeireadh an scéil.
·         Sarah:
-          Bean dhílis, chiallmhar í Sarah. Tugann sí aire maith dá cuid páistí agus tá grá mór aici dá cuid páistí agus tá grá mór aici dá fear chéile.
-          Is duine bródúil í. Tá sí ró-bhródúil chun ligint do Jimmy teacht abhaile in ionad dul go dtí an teach tábhairne lena chairde. Tá eagla uirthi go gceapfaidh a chairde go bhfuil Jimmy faoi smacht aici.
-          Tá sí féin díograiseach chomh maith. Chaith sí an-chuid ama agus fuinnimh mhaisiú an tí go dtí is go raibh sé cosúil le teach galánta in iris lonrach (glossy magazine).
-          Is cinnte go mbeidh sí croíbhriste ar fad nuair a chloisfidh sí faoi  dhúnmharú Jimmy agus cuimhníonn an léitheoir uirthi ag an deireadh.
Teideal an scéil:

Tá brí mheafarach le sonrú I dteideal an scéil. Cé go dtagraíonn ‘an gnáthrud’ don bhia a ordaíonn Jimmy sa bhialann Shíneach, tá sé soiléir gur meafar atá ann freisin don saol I mBéal Feirste I gcoitinne, sé sin, don fhoréigean, don choimhlint idir caitlicigh agus protastúnaigh agus ar ndóigh do na dúnmharuithe seicteacha (secetarian murders) a bhí ar siúl sa chathair ag an am sin.