Thursday, 10 December 2015

sraith pictúir a cúig déag: cóisir gan chéad

Pictúir a haon:

  • Imíonn tuismitheoirí Liam agus Léan ar bhriseadh deireadh seachtaine.
  •  Deirenn siad le Liam agus Léan a n-obair bhaile a dhéanamh, a bheith cúramach agus an teach a choinneáil glan. 
  • Deireann siad go mbeadh siad sa bhaile ar an Domhnach ag a leathuair tar éis a trí.
  •  Is léir go bhfuil na tuismitheoirí ag súil go mór leis an turas.
  • Ní raibh laethanta saoire acu ar feadh tamaillín.
Pictúir a dó:

  •  Comh luaithe is atá a dtuismitheoirí glanta leo síos an bóthar caitheann siad a gcuid leabhar in aer.
  •  Ritheann siad go dtí a ngutháin ar luas lasrach 
  •  cuireann siad glaoch ar a gcairde. 
  • Deireann siad leo go bhfuil teach saor acu agus go mbeadh cóisir acu an oíche sin ag a hocht. 
  • Is léir go bhfuil sceitimíní orthu. 
  • Bheadh bia, ceol, spórt agus spraoi acu. 
Pictúir a trí:

  •  Scaipeann siad an scéal ar nós na gaoithe.
  •  Tá an saol agus a mháthair ag an gcóisir an oíche sin. 
  • Is léir go bhfuil bia, ceol agus craic acu. 
  • Is amhlaidh go bhfuil siad ar fad ar mhuin na muice. 
  • Bhí oíche go maidin acu.
  •  Ag an am céanna itheann na tuismitheoirí  béile san óstán agus gan cliú dá laghad acu faoin méid atá ag tarlú sa mbaile.
  •  “Nuair a bhíonn an cat amuigh bíonn an luch ag rince,” mar a deir an seanfhocal.
Pictúir a ceathar:

  •  An lá dár gcionn éiríonn Liam agus Léan ag a haon a chlog. 
  • Is léir go bhfuil an teach ina chíor thuathail.
  •  Ní raibh aon fhonn ar Liam dul ag glanadh mar bhí tinneas cinn aige.
  •  Aontaíonn siad go nglanfadh siad an teach níos déanaí.
  •  Cuireann siad an obair ar an méar fhada. 
Pictúir a cúig:

  • Is léir go bhfuil fadhbanna eile san óstán. 
  • Is amhlaidh go bhfuil an t-uisce briste agus tá an leictreachas gearrtha.
  •  Tugtar trí rogha dos na haíonna: fanacht in óstán eile, a gcuid airgead a fháil ar ais nó dhá oíche saor in aisce a fháil uair éigin eile. 
  • Deireann tuismitheoirí Liam agus Léan gur mhaith leo teacht ar ais uair éigin eile. 
  • Ba mhaith leo teacht abhaile mar braitheann siad Liam agus Léan go mór
Pictúir a sé;

  • Ba dhóbair gur titeann an t-anam as Liam agus Léan nuair a fheiceann siad a dtuismitheoirí ag teacht isteach an doras chucu ag a cúig a chlog.
  •  Baintear geit as na tuismitheoirí nuair a fheiceann siad go bhfuil an teach ina phraiseach.
  •  Ní chreideann an t-athair go bhféadfadh siad a leithéid do rud a dhéanamh.
  •  Tugtar íde na muc agus na madraí do Liam agus Léan
  • Is léir go bhfuil siad in uisce fiuchta

No comments:

Post a Comment