An Gnáthrud
·
Bhí Jimmy
ag ól lena chairde I mBéal Feirste. Bhí Jimmy ag ól pionta agus ag smaoineamh
ar cúrsaí sa bhaile.
·
Bheadh a
bhean chéile, Sarah, ag iarraidh na páistí a chur a chodladh. Ní bheadh an
páiste ba shine, John róshásta léi ach ba ag Sarah a bheadh an bua.
·
Ní raibh
dúil mhór aige san ól I ndáiríre. Bhí dúil níos mó aige sa chomhluadar. Ba í
Sarah a ghríosaigh é chun dul agus bualadh lena chairde gach seachtain. Níor
mhaith léi go mbeadh sé ag rá go mbeadh sé le rá acu gurbh í ba chúis le Jimmy
fanacht sa bhaile.
·
Bhí a
fhios ag Jimmy go raibh am aige do dheoch eile sula rachadh sé abhaile. Bhí sé
I gceist aige dul go dtí an Jasmine Palace le haghaidh curaí dó féin agus chop
suey do Sarah ar a bhealach abhaile.
·
Nuair a
chuaigh Jimmy chuig an mbéar bhí scata meisceoirí ina suí ar stólta ann.
D’aithin sé iad.
·
Níor thuig
sé conas nach raibh fonn orthu dul abhaile. Smaoinigh sé ansin go raibh an
t-ádh air féin go raibh bean agus clan aige.
·
Bhí Jimmy
ag tnúth le hoíche Shathairn nuair a bheadh seans aige féin agus Sarah suí I
dteannta a chéile agus féachaint ar scannán agus iad ag ól fíona.
·
Thug Jimmy
na deochanna ar ais go dtí an bord ina raibh a
chairde ina suí. Ansin críochnaigh sé a deoch agus chuaigh sé ar aghaidh
go dtí an ‘Jasmine Palace’.
·
Bhí scata
déagóirí sa bhialann shíneach agus bhí siad ar meisce. Ní raibh mórán airgid
acu.
·
Tháinig
duine de na déagóirí chuige ag lorg airgid uaidh chun an bia a cheannach.
·
D’fhéach
Jimmy go géar ar na déagóirí. Bhí drochchaint gharbh, ghraosta a húsáid acu,
rud nár thaitin le Jimmy in aon chor.
·
Bhí Jimmy
fós ag smaoineamh faoin mbaile agus os rud é go raibh sé ag machnamh go domhain
mar seo, níor chuala sé an carr ag teacht ina threo. Ní fhaca sé an déagóir ag
scaoileadh urchair leis, a bhain leath an chloiginn de agus a d’fhág fuar
marbh.
Téama:
·
Foréigean: Is I mbéal feirste atá an scéal seo suite I
rith thréimhse na dTrioblóidí. Tá a fhios ag maidí na sráide gur maraíodh go
leor daoine mánla (gentle), neamhurchóideacha sna Trioblóidí I dtuaisceart na
hÉireann agus tá an téama seo le feiceáil go mór anseo.
·
Saol
an ghnáth-theaghlach: Feicimid an
gnáthshaol atá ag an teaghlach seo, na nósanna a chleachtann siad agus an grá
láidir dá chéile.
Na Carachtair:
·
Jimmy:
-
Fear óg ó Bhéal Feirste é Jimmy.
Tá sé pósta le Sarah agus tá triúir clainne acu- John atá ceithre bliana d’aois
agus an cúpla. Elizabeth agus Margaret, atá sé mhí d’aois. Is léir go bhfuil
Jimmy an-sona lena theaghlach agus go bhfuil grá mór aige dá bhean chéile agus
dá pháistí.
-
Tá sé ag obair sa tionscal tógála
agus tá nós aige bualadh lena chairde ón obair sa teach tábhairne gach
tráthnóna Dé hAoine tar éis na hoibre. Baineann sé taitneamh as an gcraic agus
as an gcuideachta. Ní ólann sé mórán.
-
Braitheann sé ciontach sa teach
táibhairne áfach toisc nach bhfuil sé sa bhaile ag cabhrú le Sarah agus ag
caitheamh ama lena pháistí. Léiríonn sé seo an grá mór atá aige dóibh agus a
dhílseacht dóibh, fiú amháin agus I gcuideachta a chairde.
-
Is fear ionraic, díograiseach é.
Tacaíonn sé lena chara san obair nuair nach bhfuil an saoiste sásta le hobair a
charad. Chaith sé beagnach bliain ag obair ar a theach ina chuid ama shaoir
chun baile a dhéanamh de.
-
Tá sé buíoch as an saol aoibhinn
atá aige anois agus ba mhaith leis an méid sin a rá le Sarah ach faraor géar,
ní éiríonn leis.
-
Is léir gur fear teaghlaigh lách,
síochánta é Jimmy agus nach bhfuil aon bhaint aige le cursaí polaitíochta. Is
íobartach soineanta (innocent victim) é dá chinniúint uafásach (terrible fate)
I ndeireadh an scéil.
·
Sarah:
-
Bean dhílis, chiallmhar í Sarah. Tugann
sí aire maith dá cuid páistí agus tá grá mór aici dá cuid páistí agus tá grá
mór aici dá fear chéile.
-
Is duine bródúil í. Tá sí
ró-bhródúil chun ligint do Jimmy teacht abhaile in ionad dul go dtí an teach
tábhairne lena chairde. Tá eagla uirthi go gceapfaidh a chairde go bhfuil Jimmy
faoi smacht aici.
-
Tá sí féin díograiseach chomh
maith. Chaith sí an-chuid ama agus fuinnimh mhaisiú an tí go dtí is go raibh sé
cosúil le teach galánta in iris lonrach (glossy magazine).
-
Is cinnte go mbeidh sí
croíbhriste ar fad nuair a chloisfidh sí faoi
dhúnmharú Jimmy agus cuimhníonn an léitheoir uirthi ag an deireadh.
Teideal an scéil:
Tá brí
mheafarach le sonrú I dteideal an scéil. Cé go dtagraíonn ‘an gnáthrud’ don
bhia a ordaíonn Jimmy sa bhialann Shíneach, tá sé soiléir gur meafar atá ann
freisin don saol I mBéal Feirste I gcoitinne, sé sin, don fhoréigean, don
choimhlint idir caitlicigh agus protastúnaigh agus ar ndóigh do na dúnmharuithe
seicteacha (secetarian murders) a bhí ar siúl sa chathair ag an am sin.
No comments:
Post a Comment