Thursday, 10 December 2015

sraith pictúir a trí déag 2016: seó Faisin sa scoil

Pictúir a haon:

  • Is léir go bhfuil scoláirí na séú bliana suite ar a sáimhín só sa seomra caidrimh.
  • Tagann an Mháistreás Ní Shé chun cainte leo.
  • Tugann sí le fios dóibh go raibh easpa airgid sa scoil. 
  • Fiafraíonn sí díobh an raibh smaointe acu chun airgead a bhailiú. 
  • Measann scoláire amháin gur cheart dóibh crannchur a bheith acu. 
  • Molann scoláire eile go gcuirfidís ceolchoirm ar stáitse.
Pictúir a dó:

  • Déanann an Mháistreás machnamh ar na smaointe a bhí acu
  • Tagann sí ar ais chucu níos déanaí an lá céanna.
  • Molann sí na smaointe iontacha a bhí acu.
  •  Beartaíonn sí go ndéanfaidís seó faisin.
  •  Pléann siad na rudaí ar fad atá le heagrú.
  •  Tá ionad le haimsiú agus éadaí le fáil ar iasacht.
Pictúir a trí:

  • Crochtar fógraí ar fud na scoile. 
  • Tharraingíodar go leor airde.
  •  Deireann an fógra go mbeadh an seó ar siúl i halla na scoile.
  •  Tugann sé an t-am, dáta agus an táille chomh maith. 
  • Ceapaim go raibh gach mac máthar ag iarraidh a bheith ina mainicíní.
Pictúir a ceathair:

  • Téann na scoláirí go dtí na siopaí éadaí ar fud an bhaile.
  •  Caitheann siad éadaí a thabhairt ar iasacht i gcomhair na hócáide. 
  • Is léir go raibh úinéirí na siopaí an-chabhrach agus flaithiúil.
  •  Tugann na siopaí Scoth na bhFaisean agus Teach Faisin go leor éadaí ar iasacht.
  •  Deireann na scoláirí go dtabharfaidís togha na haire do na héadaí.
Pictúir a cúig:

  • Faoi dheireadh tagann oíche na cinniúna.
  •  Is léir go bhfuil an saol agus a mháthair bailithe isteach sa halla.
  •  Tagann crith cos agus lámh ar na mainicíní. 
  • Éiríonn siad go han-mhaith leo, 
  • áfach. Reáchtáltar crannchur ag am sosa.
  •  íocann siad  €5 ar na ticéid.
Pictúir a sé:

  • Ag deireadh na hoíche tagann an príomhoide amach ar an ardán chun buíochas a ghlacadh le gach duine a thug tacaíocht don ócáid.
  •  Gabhann sí buíochas speisialta leis an séú bliain.
  •  Is léir gur ndearna siad obair na gcapall ag eagrú na hócáide.
  •  Bailítear an t-uafás airgid.
  •  Tá an t-airgead le caitheamh ar áiseanna nua don scoil.

No comments:

Post a Comment