Thursday, 10 December 2015

sraith pictúir a ceathair déag 2016: buntáistí móra na hidirbhliana

Pictúir a haon:

  • Ag tús na scoilbhliana labhair an príomhoide leis na daltaí faoi bhuntáistí na hidirbhliana.
  •  Luann sí na scileanna a thiocfadh feabhas orthu i rith na bliana, 
  • scileanna ar nós comhoibriú, féinmheas agus obair ghrúpa.
  •  Is amhlaidh go bhfuil an seomra chomh ciúin le reilig.
  •  Is léir go bhfuil gach mac máthar ag tnúth go mór leis an idirbhliain.
Pictúir a dó;

  • I ndeireadh mhí na Samhna tugann siad turas ar ionad eachtraíochta ar feadh deireadh seachtaine.
  •  Déanann siad go leor imeachtaí éagsúla cosúil le rámhaíocht, dreapadóireacht, cadhcáil agus boghdóireacht. 
  • Is léir go raibh deireadh seachtaine den chéad scoth acu.
  •  Is amhlaidh go raibh siad tuirseach, traochta, tnáite ag a dheireadh.
  • Is fiú é chun an idirbhliain a dhéanamh.
Pictúir a trí:

  • Léirigh siad ceoldráma i mí Feabhra.
  •  Déanann siad obair na gcapall roimh ré.
  •  “Cleachtadh a dhéanann máistreacht,” a deireann an múinteoir leo.
  •  Is léir go bhfuil an halla dubh le daoine gach oíche.
  •  Ar an oíche dheireanach, deireann siad nach ndéanfaidís dearmad go deo ar an gcúpla lá sin. 
Pictúir a ceathair:

  • Is léir go raibh go leor aoichainteoirí acu i rith na bliana.
  •  I mí na Márta tugtar cur i láthair dóibh faoi shábháilteacht ar an mbóthar.
  •  Labhair an fear faoi na cúiseanna atá le timpistí bóthair.
  •  Cuireann cuid de na pictiúirí alltacht ar na scoláirí 
  • Aontaíonn siad ar fad gur cur i láthair fiúntach a bhí ann.
Pictúir a cúig:

  • I mí Bealtaine tugann siad cuairt ar Dháil Éireann.
  •  Is léir go bhfuil an áit lán go béal le daoine mar bhí ábhar tábhachtach á phlé an lá sin. 
  • Tugann Enda Kenny óráid den chéad scoth uaidh. 
  • Déanann sé tagairt do scoláirí ná hidirbhliana a bhí ar cuairt. 
  • Is amhlaidh go bhfuil sceitimíní ar na scoláirí
Pictúir a sé:

  •  Is léir go raibh an turas scoile thar lear buaicphointe na bliana,
  •  áfach. Is amhlaidh go raibh siad ag tnúth leis an turas ó thús na bliana. 
  • Baineann siad an-taitneamh as an turas,
  • Baineann siad taithneamh as an gcuairt ar an Nou Camp.
  • Deireann siad go raibh sé an rud is fearr.
  •  Ní raibh pingin rua acu ag teacht abhaile. 
  • Ag deireadh na scoilbhliana, cuireann siad a dtuairimí ar phár. 
  • Measann siad go raibh an idirbhliain tairbheach, spreagúil agus fiúntach. 

No comments:

Post a Comment